Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Feb 1983

Vol. 340 No. 4

Written Answers. - Pobal-Scoil Mhic Dara.

469. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais (a) an gcinnteoidh sí go rachaidh oifigeach de chuid na Roinne chuig scoil (eolas tugtha) i gContae na Gaillimhe chun tuairim a thabhairt ar dhroch-staid na scoile, agus (b) an socróidh sí go mbuailfidh an t-oifigeach le toscaireacht.

Tá socrú déanta agam ionus go n-éistfeadh oifigigh sinsearacha na Roinne go lánluath le toscaireacht ó bhord bainistíochta Pobal-Scoil Mhic Dara, Carna, Contae na Gaillimhe. Ag an gcruinniú sin, pléifear staid na scoile.

Top
Share