Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Apr 1983

Vol. 341 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers . - Bóithre Ghaeltacht Mhúscraí (Contae Chorcaí) .

16. D'fhiafraigh

Mr. Moynihan

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá ceadaithe ag a Roinn do phríomh-bhóithre i nGaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí, don bhliain 1983.

17. D'fhiafraigh

Mr. Moynihan

d'Aire na Gaeltachta cé mhéid airgid atá ceadaithe ag a Roinn do bhóithre príobháideacha i nGaeltacht Mhúscraí, Contae Chorcaí, don bhliain 1983.

: Tógfaidh mé Ceisteanna a 16 agus a 17 le chéile. Níl aon chaiteachas beartaithe ag mo Roinnse ar bhóithre i nGaeltacht Mhúscraí i mbliana.

Top
Share