Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 12 Feb 1985

Vol. 355 No. 10

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

481.

asked the Minister for the Gaeltacht if he has seen a statement made by the Chief Executive of Údarás na Gaeltachta published in The Irish Times on 29 January 1985, in relation to a sum of £170,000 put into CPR Teo. by GT Carpets Ltd. and if he will state (a) whether or not he agrees with the views expressed by way of explanation in regard to the handling of the £170,000; (b) whether or not this £170,000 of Exchequer funds has been completely written off in the account of the Údarás in view of the huge losses sustained by both CPR Téo, and GT Carpets, and both companies inability to repay this money to either the Údarás or to his Department; and (c) whether or not he is aware of the fact that at a particular period the £170,000 was lodged to the account of a private individual and that the present Chief Executive of the Údarás had an involvement in this matter in a particular context.

Chonaic mé an tuairisc sin ach os freagra ar cheist hipitéiseach a bhí á thabhairt ag an bPríomhfheidhmeannach ní call dom tuairim a chaitheamh fúithi. Níl aon fhianaise nach mbíonn Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag gníomhú de réir nós imeachta inghlactha.

Tuigim ón údarás chomh maith: go bhfuil an infheistíocht i gCairpéidí GT Teo díscríofa in iomlán; agus gur trí chuntas bainc cuntasóra a aisíocadh an iasacht £170,000 le Cairpéidí GT Teó agus nach raibh aon bhaint ag an bPríomhfheidhmeannach seo leis an ngnó sin.

482.

asked the Minister for the Gaeltacht if he has seen a statement made by the Chief Executive of Údarás na Gaeltachta published in The Irish Times on 29 January 1985; and if he will state (a) whether or not he agrees that his Department approved the closing of 54 factories over a period of years and that ministerial sanction was given to the closures; and (b) whether or not ministerial sanction was given to pay all the losses and debts of each company and if he will state the total loss of Exchequer funds as a result of such closures as of 31 December 1984.

Chonaic mé an ráiteas sin. Nuair a thagann Údarás na Gaeltachta ar an tuairim mheáite gur chóir fochomhlacht ar leith a dhúnadh bíonn moltaí dá réir sin le cur os comhair an Aire acu. Ar na moltaí a dhéantar bíonn glanadh dliteanas. Tuigim ón Údarás gur dúnadh 54 chuideachta (27 bhfochuideachtaí agus 27 gcomhchuideachtaí) idir 1971 agus 1984. Cuireadh airgead ar fáil as soláthar bliantúil an Údaráis chun dliteanais inghlactha fhochuideachtaí a ghlanadh. Ní bhíonn cead an Aire ag teastáil chun comhchuideachtaí a dhúnadh ná ní chuirtear airgead ar fáil chun a gcuid dliteanas a ghlanadh. Níl teacht go héasca ar na figiúirí atá á lorg ag an Teachta ach foilsítear eolas faoin infheistíocht i bhfochuideachtaí agus i gcomhchuideachtaí a dhíscrítear i dtuarascálacha bliantúla an Údaráis.

483.

asked the Minister for the Gaeltacht if he has seen a statement made by the Chief Executive of Údarás na Gaeltachta published in The Irish Times on 29 January 1985; and if so whether or not he agrees that £42 million invested in the Gaeltacht programme from 1959 to 1979 and £40 million since 1980, may have been wasted and, if so, if he will state the total amount so wasted as per the audited accounts of the Údarás to 31 December 1983, and if he will further state the estimated cost of such wastage for the year ended 31st December 1984.

Ar an gcéad dul síos is é a deirtear sa ráiteas ná go mb'fhéidir gur imigh cuid den mhéid a luaitear amú. Dar ndóigh, is féidir tuairimí éagsúla a bheith ann ar cad is dul amú ann.

Is fíor a rá nár éirigh le tionscail áirithe a bunaíodh sa Ghaeltacht ach táim sásta go ndearna Gaeltarra Éireann agus go ndéanann Údarás na Gaeltachta a ndícheall chun go mbeadh toradh fónta ar an gcúnamh Stáit a chuirtear ar fáil do thograí. Tá dul chun cinn maith déanta sa Ghaeltacht faoi choimirce Ghaeltarra/an Údaráis in ainneoin na ndeacrachtaí ar leith a bhíonn le sárú chun tionscail a bhunú i gceantair iargúlta agus mar léargas air sin tá méadú le feiceáil le cúpla bliain anuas i líon na ndaoine atá fostaithe i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra/ón Údarás.

Foilsítear eolas maidir le díscríobh infheistíochta i dtuarascálacha bliantúla an Údaráis.

484. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na tograí i nGaeltacht Dhún na nGall ar cheadaigh Údarás na Gaeltachta deontais dóibh ón 17-10-1984, go dtí an lá inniu, cad é ainm agus seoladh gach togra agus cé mhéid deontais a ceadaíodh.

485. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cad iad na tograí i nGaeltacht Dhún na nGall ar cheadaigh Údarás na Gaeltachta deontais dóibh idir 1-1-1984 agus 16-10-1984, cad é ainm gach togra agus cé mhéid deontas a ceadaíodh.

Tógfaidh mé Ceist a 484 agus Ceist a 485 le chéile.

Foilseofar eolas iomchuí faoin gcúnamh a ceadaíodh agus na híocaíochtaí a rinneadh i leith tionscal sa Ghaeltacht i 1984 i dtuarascáil bhliantúil Údarás na Gaeltachta don bhliain sin. Meastar go mbeidh an tuarascáil bhliantúil do 1984 réidh thart ar lár na bliana.

486. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an ndearnadh aon iarratas ar Údarás na Gaeltachta chun cabhrú le tionscal i nDún na nGall (sonraí curtha ar fáil) nó chun deontas a cheadú dóibh.

Tá moltaí ón Údarás maidir leis an gcomhlacht sin á mbreithniú.

Top
Share