d'Aire na Gaeltachta an dtabharfaidh sé le fios cad iad na coinníollacha atá ann le deontais a fháil do bhóithre Gaeltachta.
Written Answers. - Bóithre Gaeltachta.
45. D'fhiafraigh
Cuireann mo Roinnse cúnamh ar fáil i leith bóithre aise agus bóithre portaigh sa Ghaeltacht. Bíonn éileamh mór ar chabhair chun bóithre den saghas sin a fheabhsú agus ní leor an méid airgid atá ar fáil i mbliana ach chun freastal ar líon beag díobh. Is gá dá réir sin díriú ar na cinn is géire riachtanais a bhféadfaí caoi éigin a chur orthu leis an méid airgid atá ar fáil.