Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 13 Feb 1986

Vol. 363 No. 12

Written Answers. - Eastát Tionscail na Doirí Beaga.

56. D'fhiafraigh

Mr. Gallagher

d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé deontas mór go leor ar fáil leis an mbealach mór go dtí an tEastát Tionscail sna Doirí Beaga, Contae Dhún na nGall, a chóiriú.

D'íoc mo Roinnse suas le £23,000 le Comhairle Chontae Dhún na nGall ón mbliain 1969 i leith le caoi a chur ar an mbóthar sin ar an tuiscint go nglacfadh siad cúram cothablála an bhóthair orthu féin. Cheadaigh mé deontas breise £2,000 le déanaí le go bhféadfadh an Chomhairle Chontae bunoibreacha práinneach a dhéanamh ar an mbóthar agus ar an tuiscint go gcuirfeadh siad féin crot sásúil air dá éis sin. Níor chuala mé uathu go fóill.

Top
Share