Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 24 Apr 1986

Vol. 365 No. 9

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta Report.

34.

asked the Minister for the Gaeltacht arising out of the publication of the 1984 annual report of Údarás na Gaeltachta the cumulative loss of 42 companies included in the annual report; the number of these companies who operate on a profit-making basis as at 31 December 1984; the number of these companies who operate on a loss-making basis as at 31 December 1984; the grand total of ordinary shares, formation shares and grants invested by Údarás na Gaeltachta in these listed companies; the reason 12 of the companies listed did not provide audited accounts for 1984; the number of the companies who have ceased business or gone into liquidation as at 31 March 1986; and if he will make good all the losses of any of these companies in view of the fact that all the debts of previous loss-making companies were cleared by the Exchequer.

(1) Ní grúpa chun críche cuntasaíochta iad na cuideachtaí sin agus ní bhíonn cuntais chomhdhlúite ann dÓibh. Is cuideachtaí príobháideacha atá i gceist agus ní gnách a dtorthaí trádála — a ríomhtar de réir na gnáthnósanna caighdeánacha cuntasaíochta — a fhoilsiú. Ní bhíonn eolas faoina dtorthaí trádála i gcuntais an Údaráis féin.

(2) I Sceideal a 1 (leathanaigh 54 go dtí 56) de Thuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Údarás na Gaeltachta don bhliain 1984 taispeántar infheistíocht na heagraíochta sin i scaireanna i ngach ceann de na cuideachtaí mar aon le sonraí na ndeontas a íocadh leo suas go dtí 31 Nollaig 1984.

(3) Tá cuntais iniúchta don bhliain sin faighte i gcás 9 gcinn den 12 chuideachta i gceist ó foilsíodh cuntais an Údaráis don bhliain 1984. Den trí cinn eile tá cuideachta amháin á leachtú, leachtaitheoir le ceapadh ar cheann eile agus tá dóchas ag an Údarás go gcríochnófar an obair iniúchta don cheann eile go luath.

(4) Tuigim ón Údarás go raibh 3 cinn den 42 chuideachta á l%achtú agus 2 cheann eile imithe as gnó ar 31 Márta 1986. Tá comhlacht eile dúnta faoi láthair. Faoi mar a míníodh don Teachta mar fhreagra Ar Cheist Dála (Uimh 70) ar 3 Nollaig 1985 ní bheidh airgead le fáil ag an Údarás feasta ón Stát ach chun dliteanais dhlíthiúla a ghlanadh i gcás fochuideachta dá chuid a bheidh á leachtú. Ní ghlanann an tÚdarás dliteanais chomhchuid%achtaí dá chuid a théann as gnó.

Top
Share