Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Dec 1986

Vol. 370 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deisiú Bóthair in nDún na nGall.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an eol dó an drochbhail atá ar bhóthar Mín na Craoibhe, Anagaire, Contae Dhún na nGall a ndearnadh dmáiste dó le linn d'Údarás na Gaeltachta a bheith ag tógáil monarchan ann agus an gcuirfidh sé deontas ar fáil le é a dheisiú láithreach.

Déanfar an cás a luann an Teachta a scrúdú chomh luath agus is féidir.

Nuair a dhéanann comhlacht príobháideach damáiste do bhóthar bíonn teacht aniar ag an gcomhairle chontae ar an gcomhlacht príobáideach sin. Nár chóir go mbeadh an teacht aniar céanna acu ar chomhlacht Stáit nuair is comhlacht Stáit a dhéanann an damáiste?

Is deacair rud éigin a dhéanamh faoi seo agus tá iarrtha ar stiúrthóir áitiúil na Roinne an cás seo a phlé. Tháinig achainí isteach ó Theachtaí Dhún na nGall le déanaí faoi agus aontaím leat go gcaithfear rud éigin a dhéanamh faoi, ach níl an t-eolas go hiomlán sa Roinn faoi láthair. Tá sé á scrúdú.

Ba mhaith liom a rá go raibh mé féin ar an bhóthar i gcaitheamh na seachtaine agus go bhfuil eolas pearsanta agam air. Tá a lán daoine ina gcónaí ann. Tá sé i bhfíor-dhrochstaid agus, ba mhaith liom go ndéanfaí rud éigin gan mhoill, ní i gceann bliana ach gan mhoill, mar tá sé i ndroch-chaoi ar fad.

Top
Share