Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 10 Nov 1987

Vol. 375 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Ghaeltachta.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid a bhí aige i mbliana i gcomhair bóithre i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Contae na Mí.

Tá suimeanna mar seo a leanas ceadaithe ag mo Roinnse i mbliana do bhóithre sna contaetha a luaitear: Dún na nGall, £56,000; Maigh Eo, £56,371; Gaillimh, £61,492; Ciarraí, £28,661; Corcaigh, £6,750; Port Láirge, £1,550.

An bhfuil an tAire in ann a mhíniú don Teach cén fáth nach bhfuair muintir Chiarraí ach £28,000 agus go bhfuair Gaillimh timpeall £60,000, Dún na nGall agus Maigh Eo beagnach an méid céanna. An bhfuil suim dá laghad ag an Taoiseach agus an Aire i mbóithre Chiarraí?

B'fhéidir gur mhaith leis an Teachta na figiúirí a fháil le haghaidh na mblianta 1982, 1983, 1984 agus 1985: i 1982 fuair Ciarraí £21,000; fuair siad £10,000 i 1983; ní bhfuair siad tada i 1984 agus fuair siad £13,000 i 1985. Dá bhrí sin, tá dhá oiread faighte acu i mbliana agus a fuair siad sna blianta roimhe sin.

Cé mhéid airgid a fuair siad i 1985 agus 1986 i gcomparáid le 1987?

Fuair siad £13,000 i 1985 agus £5,000 i 1986.

An bhféadfadh an tAire a mhíniú nach bhfuair Ciarraí ach £28,000 i mbliana agus go bhfuil £56,000 faighte ag Maigh Eo toisc go bhfuil an tAire Stáit ina chónaí ann, agus tá sé ag iarraidh dalladh mullóg a chur ar mhuintir Chiarraí anois?

Tá an líonra do mhuintir na Gaeltachta i Maigh Eo san tríú áit agus sin an áit atá againn sna deontais chomh maith. Tá Gaeltachtaí Mhaigh Eo i bhfad níos scaipthe ná mar atá Gaeltachtaí Chiarraí. Tá Gaeltacht Chiarraí in áit amháin taobh thiar den Daingean agus thíos san taobh ó dheas tá Gaeltacht bheag eile. Dá bhrí sin tá an chaoi ina bhfuil an t-airgead roinnte cothrom agus fuair Ciarraí níos mó i mbliana ná mar a fuair siad sna trí bliana roimhe sin.

Top
Share