Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Dec 1987

Vol. 376 No. 5

Ceisteanna—Question. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

1.

asked the Taoiseach if he has received a letter from a person (details supplied) concerning a subsidiary company of Údarás na Gaeltachta; and, if so, if he is now in a position to reply to same.

Tá freagra tugtha ar an litir a fuarthas ar an 19ú lá den mhí seo caite.

Cuireann sé ionadh orm nár ghlac an Taoiseach leis an cheist. Bhí an litir scríofa chun an Taoisigh mar cheannaire na tire seo.

I am disappointed the Taoiseach did not take the question because it was addressed to him as the Taoiseach of this country by a British citizen who was seriously wronged by Údarás na Gaeltachta, at the steps of the High Court when he was led to believe that GT Carpets were in liquidation, and they were not.

That question has been replied to.

Socraíodh an cás atá luaite ag an Teachta Begley sna cúirteanna, agus ghlac an duine uasal atá i gceist leis an socrú. Ní bhaineann sé le Roinn na Gaeltachta ná leis an Taoiseach. Socraiodh é sna cúirteanna agus b'shin deireadh an cháis.

I am disappointed the Minister of State is standing over a con job carried out on Mr. Carpenter——

Ní ceist é sin.

——when, on the steps of the High Court, he was told the company had gone into liquidation.

Next question.

An mbeidh an tAire ábalta casadh leis an bhfear seo agus an scéal a mhíniú dó go pearsanta?

Ní bhaineann sé le Roinn na Gaeltachta. Socraíodh an cás sna cúirteanna agus ghlac an duine leis an socrú.

Will the Minister accept this man was told the company were in liquidation?

Ceist a 2.

2. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid atá faighte ag comhlacht (sonraí tugtha) i gContae Chiarraí ó Údarás na Gaeltachta ó 1980 go Bealtaine 1987.

Léiríonn tábla a 10 de Thuarascálacha agus Cuntais Bhliantúla Údarás na Gaeltachta do na blianta 1983 agus 1984 iomlán an deontais a ceadaíodh agus a íocadh leis an gcuideachta i gceist. Suim £34,516 ar fad a íocadh leis an tionscal.

An raibh a fhios ag Údarás na Gaeltachta ag an am sin go raibh an comhlacht san i bhfiacha le comhlacht stáit eile nuair a tugadh an deontas sin?

Níl an t-eolas sin agam. Thug mé freagra ar an cheist a d'fhiafraigh an Teachta, gur íocadh £34,000, agus sin an t-eolas a bhí uaidh sa cheist.

Top
Share