Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 9 Dec 1987

Vol. 376 No. 6

Written Answers. - Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

17. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais an mbeidh sé sásta glacadh le hUdarás na Gaeltachta mar eagras a bheadh oiriúnach agus cáilithe le hiarratais a dhéanamh chuig an Chomhphobal Eorpach ar dheontas réigiúnacha do phleananna cuimsitheacha forbartha i leith ceantar Gaeltachta.

Mar a dúirt mé i bhfreagra a thug me ar cheist ón Teachta Ruairí Quinn ar an 5ú lá de Mhí na Samhna seo caite (Col. 2622), tá sé leagtha síos i Rialachán Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa gur ós na Ball-stáit amháin a glacfar le hiarratais ar an gciste. Tuigim nach bhfuil sé beartaithe na socruithe seo a athrú.

Glacaim leis go bhfios don Teachta gur fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorp-acha le déanaí gur dócha gur ar chláracha nó pleananna a bheadh formhór ár n-iarratas ar chabhair ós na Cistí Eorpa-cha cuí bunaithe ar deireadh. Bheinn ag súil go mbeadh Údarás na Gaeltachta páirteach in ullmhú agus stiúriú aon chláracha forbartha réigiúnacha ag baint le ceanntair Ghaeltachta a chuirfear ar bun sa chomhthéacs seo.

Top
Share