Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Nov 1988

Vol. 383 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Inis Meáin agus Inis Oírr.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén polasaí atá ag an Rialtas maidir le feabhsúcháin a chur ar chéibheanna ar Inis Meáin agus ar Inis Oírr.

Tá ceist na saoráidí calaíochta ar na hoileáin i gceist faoi chaibidil ag mo Roinnse le tamall anuas.

Faoi mar is eol don Teachta, ceadaíodh deontas £575,000 níos luaithe i mbliana chun piara nua agus tonnchosc a thógáil ag an gCaladh Mór, Inis Meáin. Tá athrú tagtha ar an scéal ó shin, ar ndóigh, toisc costas measta na hoibre a bhí beartaithe a bheith méadaithe go mór agus, mar thoradh ar sin, tá riachtanais chalaíochta an oileáin á mheas ath-uair ag na hoileánaigh féin. Tuigim go raibh cruinniú poiblí ar an oileán an tseachtain seo caite chun an cheist seo a phlé agus déanfar an togra uile a athmheas i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí ach iarratas ar a riachtanais a fháil ó na hoileánaigh.

Tá togra faoi bhráid mo Roinne-se le tamall anuas i ndáil le síneadh a chur leis an bpiara ar Inis Oírr, ach ag féachaint don chostas ollmhór a bheadh i gceist, níl ar ár gcumas dul ar aghaidh leis an togra, faoi láthair ar aon nós. Coimeádfar an cheist faoi mheas, ar ndóigh, agus má bhíonn dóchas ann ar ball go mbeidh leor-soláthar airgid ar fáil do mo Roinnse chun tabhairt faoi obair ag an áit seo, déanfar an cheist iomlán a mheas ath-uair i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí, a fheidhmíonn mar chomhairleoirí do mo Roinnse i gcásanna dá leithéid agus a ullmhaíonn na pleananna cuí, etc.

Ní miste a lua go bhfuil oibreacha eile d'Inis Oírr (fánán, bádchlós agus crann tochrais) á mheas faoi láthair freisin.

An bhfuil an tAire Stáit in ann a rá liom cé mhéad ama a thóg sé sular tosaíodh arís ar an obair in Inis Meáin; agus an bhfuil sé toilteanach breis airgid a chur ar fáil chun an obair a thosú? Chomh maith leis sin, i gcás na cé in Inis Oírr an bhfuil sé ag rá nach mbeidh sé á thosú an bhliain seo nó an bhliain seo chugainn?

I gcás Inis Meáin bhí £575,000 ceadaithe agus ansin rinne Bord na nOibreacha Poiblí athmheas ar na meastacháin agus shocraigh siad go mbeadh £300,000 eile ag teastáil leis an obair go léir a dhéanamh ar an gCaladh Mór. Ansin d'ardaigh agóid san oileán féin: ní raibh muintir an oileáin sásta dul ar aghaidh leis an gCaladh Mór, agus bhí cruinniú cúpla oíche ó shin ar an oileán agus tá siad ag chur in aghaidh na hoibre sin ar fad. Teastaíonn uathu go dtógfaí an ché sa taobh thoir den oileán. Sin an áit a bhfuil an deacracht i láthair na huaire. Níl a fhios ag muintir an oileáin céard a theastaíonn uathu. Dá bhrí sin ní bheidh sé ar chumas Roinn na Gaeltachta dul chun cinn le haon obair ansin go mbeidh a fhios go díreach céard a theastaíonn ó mhuintir an oileáin iad féin. I gcás Inis Oírr, mar atá ráite agam, tá costas an-mhór i gceist agus ní bheidh ar chumas mo Roinnse tús a chur le hobair ar bith ansin ag an bpointe seo.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit oifigigh dá Roinn nó oifigigh as Oifig na nOibreacha Poiblí nó saineolaithe a chur ar fáil do mhuintir an oileáin chun moltaí nua a chur os comhair na n-údarás éagsúil? Agus an bhfuil sé beartaithe cruinniú a bheith idir na hoileánaigh agus oifigigh as na Ranna Stáit atá i gceist?

Cad é an t-oileán atá i gceist? Inis Meáin nó Inis Oírr?

Inis Meáin.

Bhí oifigigh de chuid mo Roinnse i láthair ag an gcruinniú an oíche eile in Inis Meáin agus táimid ag fanacht anois le breith uathu féin. Más rud é go dteastaíonn uathu dul ar aghaidh leis an gcaladh ar an taobh thoir den oileán, caithfear na hoibreacha sin a mheas le fáil amach cé mhéad a chosnódh sé, agus tús a chur leis an obair ansin sula ndéanfaí réidh don taobh thiar den oileán.

Ach séard atá i gceist agam, an bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit nó oifigigh a Roinne nó oifigigh na nOibreacha Poiblí cabhair nó saineolaithe a chur ar fáil do na hoileánaigh chun moladh nua a chur os comhair na n-údarás éagsúil? Nó an mbeidh siad ag feitheamh go dtí go mbeidh an cás socraithe ag na hoileánaigh féin?

Is iad oifigigh na nOibreacha Poiblí a chaithfeas an rud a mheas ó thaobh costais agus mar sin de. Ach cuireadh £575,000 ar fáil le hoibreacha a thosú ag an gCaladh Mór. Tá an t-airgead sin ansin go fóill ag Roinn na Gaeltachta agus ba mhaith linn féin é a chaitheamh ar Inis Meáin. Sin an áit ar leagadh amach an t-airgead di. Ach caithfimid fáil amach ar dtús céard a theastaíonn ó na hoileánaigh iad féin.

Sa mhéid go mbaineann sé le sineadh ar an gcé ar Inis Oírr, agus ní sineadh atá i gceist mar go mbeadh sé a dhó nó trí huaire chomh fada leis an gcé atá ann, nach fíor dom a rá, a Cheann Comhairle, go bhfuil cuid mhaith den ábhar a mbeadh gá leis le tolladh ar an oileán agus go bhféadfaí cuid mhaith den stuif a bhfuil gá léi chun an ché a thógáil a dhéanamh ar an oileán? Ar an tslí sin bheadh laghdú mór ar an gcostas sa mhéid is nach mbeadh an dole le díol le muintir an oileáin.

Bheinnse ag teacht leis an Teachta sa mhéid sin, go mbeadh sé ciallmhar úsáid a bhaint as an ábhar atá ansin ar an oileán féin leis an obair a dhéanamh. Ach is é an deacracht atá ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil sé sin ag brath ar chomhairle ón Roinn Airgeadais agus ó Roinn na nOibreacha Poiblí, agus ní raibh siadsan sásta leis na moltaí atá á gcur insteach ag muintir an oileáin féin maidir leis an togra seo. Sin an deacracht atá againne. Caithfimid glacadh leis an treoir a fhaigheannn muid ó Oifig na nOibreacha Poiblí.

An bhfuil moladh ar bith déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí?

Tá moltaí déanta ach nach féidir glacadh leis na pleananna mar a bhí leagtha amach ag muintir an oileáin féin ó thaobh an togra in Inis Oírr.

Top
Share