Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do na Bóithre Réigiúnach R336 agus R340.
Ní bóithre náisiúnta iad na bóithre seo agus maidir le soláthar acmhainn chun iad a dheisiú, dírím aire an Teachta ar mo fhreagra ar Cheisteanna 31 agus 39 den 31 Bealtaine 1990.
Is cosúil go mbeidh aisíoc le fáil ón gComhphobal i leith páirt d'infheistíocht an Stáit ar fheabhsuithe do phríomh bhóithre neamh-náisiúnta, taobh istigh de na teorainneacha atá leagtha síos sa Chreatlach Tacaíochta atá i bhfeidhm don tír seo don tréimhse go dtí 1993. Chun aisíoc a fháil, ní mór go mbeadh na feabhsaithe an-tábhachtach don fhorbairt turasóireachta agus tionsclaíochta ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal áitiúil. I gcás bóithre neamh-náisiúnta, is i bhfoirm deontais le caitheamh ag na húdaráis áitiúla faoi mar is toil leo agus deontais speisialta do bhóithre a chuirtear infheistíocht an Stáit i bhfeidhm. Maidir leis an bhliain seo, iarradh ar na húdaráis áitiúla sonraí na scéimeanna atá ag fáil na deontais seo agus a gceapann siad a bheith oiriúnach do iarratas don Chomphobal faoin gClár Oibriú do Bhóithre agus Gréasáin Iompair Eile a chur chuig mo Roinn.
Tá scéim amháin le costas £45,000 ar an mbóthar réigiúnach R336 ó Ghaillimh thar Casla, agus trí cinn le costas £440,000 ar an mbóthar réigiúnach R340 ó Charna go Casla i measc na sonraí a bhfuarthas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.