Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 13 Mar 1991

Vol. 406 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Michael D. Higgins

Question:

10 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach an bhfuil scrúdú ar bun ag Bord na Gaeilge faoi láthair maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht; má tá, cén uair a thosaigh an staidéar agus cén uair a bheidh sé críochnaithe; agus an bhfuil sé i gceist aige an tuairisc ar an staidéar a fhoilsiú.

Tuigim ó Bhord na Gaeilge go bhfuair siad tuarascáil ghairid faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht tamall ó shin ach níl sé beartaithe acu an tuarascáil sin a fhoilsiú.

Cad iad na cúiseanna atá taobh thiar den chinneadh gan an tuarascáil a fhoilsiú?

Chuir mé ceist ghinearálta ar Údarás na Gaeltachta an bhfuil siad sásta é a fhoilsiú agus dúradh liom nach raibh. Is bord Stáit é seo agus ní féidir liom treoir a thabhairt dóibh nó a fháil amach cad iad na smaointe atá taobh thiar de sin.

Tá uafás ag baint leis an ábhar seo. An cheist atá curtha síos agam, is ceist díreach ar an Taoiseach í: cén uair a tosaíodh ar an staidéar, cén uair a críochnaíodh an staidéar? An féidir liom a fhiafraigh freisin cén costas a bhí air agus, arís, an cúiseanna teicniúla iad, cúiseanna iad a bhaineann le conclúidí ón tuarascáil féin? An bhfuil an tuarascáil léite ag an Aire Stáit féin?

Ba é Breandán Ó hEithir, go ndéana Dia trócaire air, a réitigh an tuarascáil seo agus a chuir ar fáil í mí an Mheithimh seo caite tamall sula bhfuir sé bás. Tá cinneadh déanta ag bord Údarás na Gaeltachta gan an tuarascáil seo a fhoilsiú agus glacaimse leis sin.

Glacaim leis an méid a dúirt an tAire Stáit faoi Bhreandán Ó hEithir. Níl aon duine a rinne níba mhó ar son litríocht nó gluaiseacht na Gaeilge ach tá súil agam go mbeidh na conclúidí ar fáil don phobal.

Maidir leis an teagmháil agus na comhráite a bhí ag an Aire Stáit le Bord na Gaeilge, an bhfuil siad sásta le stádas agus le seasamh na Gaeilge sa Ghaeltacht nó an bhfuil siad imníoch go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl sa Ghaeltacht?

Ní dóigh liom gur féidir le duine ar bith a rá go bhfuil muid sásta le staid na Gaeilge, ní amháin sa Ghaeltacht ach sa tír go léir agus tá dualgas orthusan, díreach mar atá dualgas ar Údarás na Gaeltachta agus orainn go léir, ár ndícheall a dhéanamh chun cuidiú leis sin a chur i gcrích. Ní féidir liom a rá go bhfuil eagraíocht ar bith sásta. Ní bheidh muid sásta go dtí go mbíonn beagnach gach duine sa tír ag labhairt a dteanga dhúchais.

Top
Share