Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Oct 1991

Vol. 411 No. 5

Written Answers. - Gaeltacht Amenity Road Allocation.

Pádraic McCormack

Question:

73 Mr. McCormack asked the Taoiseach the total Gaeltacht amenity road allocation to County Galway Gaeltacht this year; the location of each road; and the amount spent on each road.

Tá £71,000 ceadaithe agam i mbliana le haghaidh bóithre i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá leis seo sonraí na mbóithre i gceist mar aon leis an tsuim a ceadaíodh i ngach cás. Ní bhfuarthas aon iarratas ar íocaíocht go fóill.

Bóithre i gContae na Gaillimhe a Ceadaíodh Deontais ina Leith i 1991

£

Bóthar ón bpríomhbhóthar go dtí teach an Uasail Pádraig Mac an Ríogh, Tír an Fhia, Leitir Móir

2,500

Bóthar ón bpríomhbhóthar thar teach an Uasail Colmáin Ó Domhnaill, Fear an Phoist, Tír an Fhia, Leitir Móir

2,500

Bóthar na Céibhe ag Máimín, Leitir Móir, ¾ míle ar fhaid

3,000

Bóthar an Chaoráin Bhig, An Cheathrú Rua, go dtí an trá

4,000

Bóthar ag Doire Fhearta Mór, An Cheathrú Rua — ón bpríomhbhóthar siar go Cladach ó theach an Uasail Máirtín Flatharta (Bairbre)

3,500

Bóthar na Glasaigh, An Cheathrú Rua, ón bpríomhbhóthar ag an ngaráiste (Geraghtys) go dtí teach an Uasail

Peadar Mac Donncha

3,000

An bóthar siar ó Thí Lambe go Céibh an Dóilín thar teach an Uasail Máirtín Ó Dubháin, Bóthar Buí

3,000

Bóthar an tSrutháin, An Cheathrú Rua

3,500

Bóthar ón bpríomhbhóthar i nDoire Fhearta, An Cheathrú Rua, go dtí teach Nóra Mhaoláin

3,500

Obair riachtanach, ar a n-áirítear falla dhá troigh ar airde, ar an mbóthar go dtí an Chéibh ag Bóthar an tSrutháin, An Cheathrú Rua

1,500

Bóthar ón bpríomhbhóthar i dtreo na Céibhe go dtí teach Mhic Dhonncha, Tuairín, Béal an Daingin

2,500

Bóthar ó theach Kate Gannon, Béal an Daingin, chomh fada le ceann an bhóthair ag teach an Uasail Stíofán Mac Donncha

2,500

Bóthar ón bpríomhbhóthar go teach Pat Conneely, Gleann Chatha, Ros Muc

3,000

Bóthar tríd an bhaile ón scoil go dtí teach an Uasail Seán Ó Cadhain, Loch Con Aortha, Cill Chiaráin

5,000

Bóthar go dtí teach Mháire Bean Uí Neachtain agus daoine eile ag An Áird Mhóir, Cill Chiaráin

3,000

Bóthar portaigh Sheanaghurráin, An Spidéal

4,000

Bóthar na gCreagáin, Indreabhán

10,000

Bóthar Chartún Caol go farraige ó Thí Pheadair Uí Fhatharta, Indreabhán

3,000

Bóthar go dtí teach Áine Bean Uí Nia agus daoine eile ag Caladh bhFidhinnse, Carna

2,000

Bóthar go dtí tithe an Uasail Pádraig Ó Céide agus daoine eile ag Aille, Indreabhán

3,000

Bóthar ag Doire Lochán Thiar, An Spidéal

3,000

An tIomlán

71,000

Top
Share