Tuigtear ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 897 bpost nua lánaimseartha i rith 1991 i dtionscail sa Ghaeltacht a fuair cúnamh ón eagraíocht i gcomparáid leis an sprioc de 600 post nua a bhí ann don bhliain sin. Ba bhliain dheacair í 1991 agus is cúis dhíoma í gur cailleadh 887 bpost sa bhliain sin — rud a d'fhág glanmhéadú de 10 bpost a bhí ann ag deireadh 1991 i gcomparáid le deireadh 1990. Bhí an cúlú eacnamaíochta domhanda agus na deacrachtaí móra trádála a d'eascair as sin do chomhlachtaí Gaeltachta ina gcuid margaí baile agus thar lear ina chúis mhór do na torthaí fostaíochta mífhábhracha sin.
Leanfar go dícheallach leis na hiarrachtaí a bhíonn ar siúl ag an Údarás d'fhonn an ghlanfhostaíocht i dtionscail faoina scáth a chaomhnú agus a mhéadú ar an mbealach is éifeachtaí is féidir agus ar an gcostas is lú is féidir don Stát.