I gcás an scrúdú scríofa de ghnáth ní bhíonn fadbh maidir le canúint le sárú anseo. Má tharlaíonn a leithéid, cuirfear an scríbhinn faoi bhráid an Scrúdathóra Chomhairlithigh.
I gcás an scrúdaithe chainte cloítear leis an gcanúint céanna is a chleachtann an t-iarrthóir.
Maidir leis an scrúdú cluastuisceana, seo é an chéad bhliain don scrúdú seo sa Teastas Sóisearach. An téip atá i gceist, tá sé caighdeánaithe, símplithe agus maoluithe cheana féin sa chaoi go dtuigfeadh gach iarrthóir é is cuma cén chanúint a úsáideann sé/sí. Tar éis éisteacht leis an dtéip léann an t-iarrthóir an cheist atá le freagairt i nGaeilge atá scríofa sa chaighdeán oifigiúil agus freagraíonn sé/sí ina gcanúint féin. Ag an chomhdháil mharcála déanfar deimhin de go bhfaighidh gach iarrthóir cothrom na Féinne.