Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1993

Vol. 429 No. 8

Written Answers. - All-Irish Schools.

Austin Deasy

Question:

14 Mr. Deasy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he, and his Department, will take an active part in promoting the establishment of all-Irish schools where the demand exists.

Donegal South-West): Tá Bord na Gaeilge, atá faoi scáth mo Roinne-se, ag cur airgid ar fáil don eagras Gaelscoileanna ó 1979 i leith, chun cabhrú le tuismitheoirí a dteastaíonn uathu scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú dá bpáistí agus chun iad a fhorbairt ina dhiaidh sin. £58,000 an deontas atá á chur ar fáil chuige seo i mbliana.

Aontaím gur cóir don Stát cabhrú oiread agus is féidir leis an ngluaiseacht phobail seo atáa an-tábhachtach do thodh-chaí na Gaeilge ar fud na tíre. Is díol suntais é an fás a tháinig ar an nGael-scolaíocht le fiche bliain anuas .i. ó 11 bhunscoil sa bhliain 1972 go 72 bhunscoil anuraidh. Tá sé ráite go soiléir sa chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta ní amháin go dtabharfar tacaíocht do scoileanna lán-Ghaeilge ach go ndéanfar iad a chur chun cinn. Is ar an Roinn Oideachais, ar ndóigh, atá an cúram aitheantas oifigiúil a thabhairt do scoileanna nua agus freastal ar a gcuid riachtanas.

I láthair na huaire tá mé ag scrúdú iarratais a fuair mé ó eagras Gaelscoileanna ar chúnamh chun a bplean forbartha a chur i bhfeidhm. Déanfaidh mé cinnedh go luath faoin gcás.

Tá coiste speisialta bunaithe freisin ar a bhfuil ionadaithe ó Gaelscoileanna agus an Roinn Oideachais chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn.

Top
Share