Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Jun 1993

Vol. 431 No. 7

Written Answers - Údarás RTÉ.

31. D'fhiafraígh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an raibh aon chomhráití idir é féin agus Údarás RTÉ maidir le bunú agus airgeadú seirbhíse teilifíse trí Ghaeilge; nó an bhfuair sé aon mholtaí ó RTE ar an ábhar.

Tá socruithe ag an Rialtas gur ar RTÉ a leagfar an cúram an bonneagar tarchuradóireachta don tseirbhís teilifíse Gaeilge a thógáil agus tá an méid sin curtha in iúl do RTÉ.

Bhí Údarás RTÉ den tuairim gur cheart smaoineamh ar chéim eatramhach san fhorbairt faoina gcraolfaí an tseirbhís ar Network 2 mar thús. Sular tháinig an rialtas ar chinneadh scrúdaigh siad an rogha a bhí molta ag RTÉ ach diúltaíodh dó. Tá RTÉ tar éis a chur in iúl dom go ndéanfar gach dícheall an togra seo a bhunú agus a chur sa tsiúl chomh luath agus chomh héifeachtach agus is féidir.

Tá ainmniúcháin a mhol RTÉ ceaptha agam ar na Coistí Bunaithe agus Teicniúil atá curtha ar bun agam le moltaí a dhéanamh maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann le bunú na seirbhíse. Cuirfidh na Coistí sin a gcuid moltaí faoi mo bhráid go luath san Fhómhar.

Top
Share