Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 Jun 1993

Vol. 431 No. 7

Written Answers - Comharchumann Caorach Ghleann Choilm Cille.

35. D'fhiafraígh

den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an eol dó faoi na deacrachtaí atá ag Comharchumann Caorach Ghleann Choilm Cille; agus an ndéanfaidh sé athbhreithniú práinneach ar a n-iarratas le haghaidh deontaisí.

, Donegal South-West): Is eol dom go maith na deacrachtaí airgeadais atá ag an gcomharchumann sin agus chas mé féin leo i dteannta le hoifigeach de chuid mo Roinnse ar thrí ócáid ó thús na bliana seo. Ní raibh ar mo chumas, áfach, aon chúnamh speisialta a cheadú toisc nach léir dom go dtiocfadh maitheas as ag féachaint do na fiacha móra atá ar an gcomharchumann.

Tuigtear dom, áfach, go bhfuil socraithe déanta anois ag Uachtarlanna Dhún na nGall Teo chun maoin an chomharchumainn a ghlacadh ar léas ón leachtaitheoir a ceapadh le déanaí. Ní miste a lua gur thug mo Roinnse cúnamh leanúnach — idir deontais reatha agus deontais chaipitil — don chomharchumann sin thar na mblianta.

Top
Share