Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jul 1993

Vol. 433 No. 6

Written Answers. - Teilifís na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Question:

16 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad iad na téarmaí tagartha atá ag Coiste Bunaithe Theilifís na Gaeilge.

Trevor Sargent

Question:

117 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé tuairisc iomlán chun dáta, Iúil 1993, ar dhul chun cinn bhunú sheirbhís teilifíse trí Ghaeilge; is é sin coistí atá bunaithe go dtí seo, ainmneacha na ndaoine atá ar an coistí sin, an méid cruinnithe a bhí ag na coistí go dtí seo, aon chinntí atá tógtha ag an coistí sin, tuairiscí atá curtha ar fáil nó atá á réiteach etc.

Éamon Ó Cuív

Question:

120 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeidh cead ag Coiste Bunaithe na Teilifíse, faoi na téarmaí tagartha atá acu moltaí á dhéanamh faoi na nithe seo: ainm na seirbhíse, dáta tosaithe na seirbhíse, lonnú na stiúideonna agus ceanncheathrú na seirbhíse, an sciar de na cláir a bheidh á dhéanamh ag an tseirbhís féin, an sciar a bheidh á dhéanamh ag RTÉ, agus an sciar a bheidh á cheannach ó léiritheoirí príobháideacha; agus an féidir leis an Aire a dhearbhú go mbeidh tuarascáil ar fáil ón gCoiste roimh dheireadh Mhí Lúnasa, 1993.

Tógfaidh mé Ceisteanna 16 agus Ceisteanna Scríofa 117 agus 120 le chéile.

Beidh fhios ag na Teachtaí cheana féin go bhfuil dearbhú sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta go mbunófar seirbhís teilifíse Gaeilge ar chainéal ar leith. I gcáináisnéis na bliana seo chuir an tAire Airgeadais £4.5 milliún i leataobh do bhunú na seirbhíse.

Chun a chinntiú go mbunófar an sórt seirbhíse is oiriúnaí agus go mbainfear an leas is fearr as an airgead, tá dhá choiste bunaithe agam le comhairle a chur orm.

Seo a leanas ballraíocht an dá choiste sin:

An Coiste Bunaithe:

Gearóid Ó Tuathaigh (Cathaoirleach)

Feargal Mac Amhlaoibh

Mícheál Ó Muircheartaigh

Máirín Nic Sheanlaoich

Máire Ní Thuathail

Niall Ó Muilleoir

Bob Collins

Liam Mac Mathúna

Eibhlín Nic Suibhne

Aodán Mac Póilín

Seán Ó Neachtain

Pat Feely

Dairena Ní Chinnéide

Liadh Ní Riada Caitríona Uí

Domhnall Mac Domhnaill

Mhéalóid Eibhlín de Paor

Pádhraic Ó Ciardha

An Coiste Teicniúil:

Michael Grant (Cathaoirleach)

Neansaí Ní Choistealbha

R.K. Gahan

Donncha Ó

Bob Collins

hÉallaithe

Colm Curley

Brian Millane

Pádhraic Ó Ciardha

Téarmaí Tagartha an Choiste Bunaithe
Iarrtar ar an gcoiste moltaí a sholáthar don Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta roimh 31ú Lúnasa 1993 ar na gnéithe seo leanas den tseirbhís:
(i) Na struchtúir is ceart a bhunú chun an cainéal nua a riaradh. Agus na struchtúir seo á ndréachtadh is ceart a thabhairt san áireamh gur ag an tseirbhís Ghaeilge a bhéas tús áite ar an gcainéal nua ach go bhfuil sé i gceist amach anseo leas a bhaint as an am craolacháin spártha le ábhair eile a bheadh chun leas an phobail a chraoladh faoi mar atá luaite sa gClár Rialtais Comhpháirtíochta thuas.
(ii) An meascán ábhair ab oiriúnaí do na haicmí éagsúla sa phobal féachana, na trátha craolta agus an sceidealú ab fhearr i bhfianaise na dian-iomaíochta atá san earnáil chraolacháin in Éirinn cheana féin.
(iii) Na bealaí éagsúla ar féidir ábhar i dteangacha eile a chur i láthair ar an tseirbhís Ghaeilge. Meabhraítear ach go háirithe na himpleachtaí costais a bhaineann le athghuthú Gaeilge seachas fotheidealú i gcásanna áirithe.
(iv) Foinsí éagsúla cistíochta chun maoiniú a dhéanamh ar chostais reatha na seirbhíse Gaeilge.
Tuigim ó Chathaoirligh an dá Choiste seo go bhfuil tús curtha acu lena gcuid oibre. Tuigtear dom go raibh trí chruinniú ag an gCoiste Bunaithe go dtí seo agus go raibh dhá chruinniú ag an gCoiste Teicniúil. Ba mhaith liom a mheabhrú go gcuirfidh an dá Choiste moltaí a bheidh ag teacht lena dtéarmaí tagartha faoi mo bhráid. Is cúram domsa agus don Rialtas, de réir mar is cuí, cinntí a ghlacadh tar éis dúinn tuarascálacha na gCoistí a bheith breithnithe againn.
Top
Share