Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jul 1993

Vol. 433 No. 6

Written Answers. - Atheagrú na nEagras Gaeilge.

Pat Rabbitte

Question:

34 D'fhiafraigh Mr. Rabbitte den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil aon mholtaí aige chun cabhrú le hatheagrú na n-eagraíochtaí sin, idir eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí Stáit, a bhfuil sé mar chúram orthu an Ghaeilge a chothú.

Donegal South-West): Coimeádann mo Roinnse gníomhaíochtaí na n-eagras Gaeilge faoi mheas ar bhonn leanúnach lena chinntiú go bhfuil an Stát ag fáil luach an airgid a íoctar leo mar chúnamh bliantúil agus nach bhfuil dúbailt ró-mhór ann idir iarrachtaí na n-eagras éagsúil.

Tá polasaí an Rialtais seo maidir le cur chun cinn na Gaeilge leaghta síos go soiléir sa Chlár le haghaidh Rialtais Chomhpháirtíochta 1993-1997. Tá borradh urnua á thabhairt don teanga agus chuige sin tá glactha leis gur gá go mbeidh an Stát chun tosaigh i leathnú an dátheangachais agus go háirithe in úsáid na Gaeilge a mhéadú. Táim féin tar éis scríobh chuig gach Aire — An Taoiseach agus an Tánaiste ina measc — i ndáil leis na cláracha oibre atá le hullmhú agus le cur i gcrich ag gach eagras Stáit faoin bpolasaí seo agus tá tairiscint seirbhisí go dátheangach don phobal mar ghné bhunúsach den chur chuige. Beidh ról lárnach ag Bord na Gaeilge san obair thábhachtach sin agus glaoch dá réir ar a n-acmhainní fóirne.
Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair mhór á déanamh ag na heagrais dheonacha Gaeilge le fada ach i gcomhthéacs an pholasaí thuasluaite tá mé ag breathnú go cúramach ar an ról atá acu agus ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a bunaíodh mar fhoras comhordaithe na n-eagras sin leathchéad bliain ó shin.
Top
Share