Donegal South-West): Tá a fhios agam go bhfuil daoine sna Gaeltachtaí a bhfuil cúnamh tithíochta ag teastáil go géar uatha. Tá cúnamh nach beag le fáil ó mo Roinnse faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun tithe nua a thógáil nó chun tithe atá ann cheana féin a fheabhsú.
Faoi na hAchtanna sin is féidir le hiarratasóir cáilithe sa Ghaeltacht deontas suas go £4,000 a fháil chun teach nua a thógáil nó suas go £3,000 chun teach a fheabhsú. Bíonn iasacht nach mó ná méid an deontais le fáil chomh maith chun teach nua a thógáil nó a fheabhsú. Ar oileáin áirithe Ghaeltachta amach ón gcósta tá na huasdeontais 50 faoin gcead níos airde ná mar atá luaite agam thuas.
Más cúrsaí tithíochta go ginearálta nó cúnamh tithíochta nach bhfuil ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) atá i gceist ag an Teachta is cúramaí iad sin a bhaineann leis na hÚdaráis Áitiúla nó leis an Roinn Comhshaoil.