Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1993

Vol. 435 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

2 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil tuairiscí na gCoistí Comhairleacha maidir le bunú Theilifís na Gaeltachta scrúdaithe aige go fóill; an aontaíonn sé leis na moltaí; an bhfuil sé socraithe cén áit a mbeidh ceannáras na seirbhíse lonnaithe; agus cén uair a bheidh an tseirbhís faoi lánseol.

Michael McDowell

Question:

39 D'fhiafraigh Mr. M. McDowell den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad é an meastachán a bheas i gceist chun Seirbhís Teilifíse na Gaeltachta a bhunú; an dtabharfaidh sé miontuairiscí faoi na caiteachais éagsúla agus an dtabharfaidh sé meastachán ar an gcostas bliantúil a bheas ann agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoin gcás.

Frances Fitzgerald

Question:

71 Ms F. Fitzgerald asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will give details of how he intends to fund Teilifís na Gaeilge; how RTE's budget will be affected; and the priorities of the station at its commencement.

Tógfaidh mé Ceist Tosaíochta 2, 39 agus 71 le chéile.

Tá na tuarascálacha a chuir na coistí comhairleacha ar Theilifís na Gaeilge scrúdaithe agam anois. Tá súil agam moltaí maidir le bunú agus maoiniú na seirbhíse nua, mar aon le láthair na ceanncheathrú, atá bunaithe ar mo staidéar féin ar na tuarascálacha sin, a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Meastar go mbeadh costas caipitil £17.35 milliún ag baint le bunú Theilifís na Gaeilge. Tá sé i gceist an tseirbhís a bhunú ar bhonn céimnithe ach go mbeadh sciar suntasach den daonra in ann í a ghlacadh ó thús craolta. Bheadh leath an chostais iomláin le caitheamh sa tréimhse go deireadh 1994 agus an chuid eile sa tréimhse 1995-97. Meastar go dtógfadh sé suas le cúig mhí dhéag an chead chéim den obair thógála a chur i gcrích, tráth a bhféadfaí tús a chur le craolta.

Maidir le costais reatha, meastar go gcosnódh trí uair a chloig de chláracha in aghaidh an lae tuairim £16 mhilliún sa bhliain. Anuas ar sin bheadh costas £5 milliún breise in aghaidh na bliana i gceist i ndáil le costais eile reatha na seirbhíse. Tá sé i gceist, áfach, go gcuirfeadh RTÉ, mar chuid dá sheirbhís phoiblí, uair a chloig de chláracha ar fáil in aghaidh an lae, gan chostas do Theilifís na Gaeilge. Chiallódh sin go mbeadh glanchostas reatha £16 mhilliún sa bhliain ag baint le Teilifís na Gaeilge i luachanna an lae inniu.

Mhol an Coiste Teicniúil go dtogfaí an gréasán tarchuradóireachta ar bhonn céimnithe agus measadh go mbeadh fáil ag nócha faoin gcéad den daonra ar chraolta na seirbhíse taobh istigh de thrí bliana.

Mar atá ráite agam thuas d'fhéadfaí tús a chur le craolta na seirbhíse i bhfad roimhe sin, nuair a bheadh an chéad chéim den obair thógála curtha i gcrích agus céadatán suntasach den daonra, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, in ann craolta Theilifís na Gaeilge a ghlacadh.

The Programme for a Partnership Government envisages the start-up costs of the service will be met from the accumulated surplus in excess of the "cap" on RTE's advertising revenue.

The programme also envisages national lottery, EC funds and the television licence fee as possible sources of funding for running costs. I am investigating these possibilities and others at present. I do not intend that RTE's budget will be so adversely affected by the introduction of Teilifís na Gaeilge as to diminish its capacity in any way. One of the initial priorities of the station will be that the service can be received at the outset by a significant proportion of the population of the Gaeltacht and non-Gaeltacht areas and to provide a comprehensive range of Irish language programming for adults and children.

Ar dtús be mhaith liom buíochas a thabhairt don Aire as an eolas a thug sé dúinn. De réir cosúlachta ní mar an gcéanna iad na moltaí a dhein an coiste bunaithe agus an coiste teicniúil. Mhol coiste amháin go mbeadh seirbhís choimsitheach ar fáil don tír uilig ón tosach agus mhol an coiste eile go mbeadh sí céimnithe. An bhféadfadh an tAire a rá ag an bpoinnte seo an bhfuil sé ag dul de réir moltaí an choiste bunaithe nó de reir moltaí an choiste teicniúil? Agus maidir le airgeadú na seirbhíse, tá go leor ráflaí ag dul timpeall. De réir ceann i bpáipéar amháin ag an deireadh seachtaine, bheidh costas an cheadúnais teilifíse ag dul suas £20 in aghaidh na bliana agus de réir ceann eile i bpáipéar inné bheidh aeróga nua — new aerials — ag teastáil ó dhaoine sa Ghaeltacht.

Níl sé sin in ordú.

Gabh mo leithscéal. An bhféadfadh sé tagairt a dhéanamh do sin?

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil an dá thuarascáil léite agam agus beidh mo ainilís féin bunaithe ar an dá thuarascáil tógtha le chéile.

Is fíor go bhfuil béim leagtha ar phointí éagsúla nó ar straitéis áirithe i tuarascáil amháin agus is minic go dtagann an coiste eile ar an gceist ó thaobh eile. Tá sin iontuigthe mar go raibh na téarmaí tagartha don dá choiste difriúil.

Tá an ainilís déanta agam agus tá an meamram don Rialtas beagnach críochnaithe agam ag an bpointe seo. Táim féin den tuairim go gcaithfidh an tseirbhís freastal ar an méid is mó den daonra agus is feidir on tús. Tá sé tábhachtach go mbeadh sé ag freastal ar an méid is féidir den daonra, go mbeadh caighdeán ard aige agus go mbeadh an lucht féachana is mó gur féidir á bhaint amach aige.

Maidir le árdú ar phraghas an cheadúnais, ní raibh bunús ar bith leis an méid a luaigh sé a bhí sa pháipéar an deireadh seachtaine seo caite. Níor dhein an t-iriseoir a bhí i gceist teangbháil liom. Is é a dúirt mé leis ná go gcaithfinn gach ceann de na pointí éagsúla a mheas nuair a bheinn ag meas conas a íocfaí as na costaisí reatha. Sin an méid a dúirt mé leis.

Níl bunús ar bith leis an bhfigiúr de £20. Mar adúirt mé tá mé ag féachaint ar fhoinsí éagsúla airgid ar nós Comhphobal na hEorpa, An Crannchur Náisiúnta, ceadúnais agus foinsí eile nár luadh go dtí seo. Tá súil agam go mbeidh an staidéar seo críochnaithe agam taobh istigh de cúpla seachtain.

Luaigh an tAire pointí eile agus b'fhéidir go bhféadfadh sé míniú beag a dhéanamh orthu. Tuigim go raibh sé i mBéal Feirste i rith an seachtaine. An bhféadfadh sé a rá linn ar phlé sé ceist sheirbhís tré Ghaeilge don tír ar fad — ó thuaidh agus ó theas — le linn na comhráití sin agus an bhfuil foinsí ansin go bhféadfaí úsáid a bhaint astu?

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta nach raibh mé ag cruinniú i mBéal Feirste an tseachtain seo. Tá an cruinniú sin curtha ar ais beagáinín chun níos mó ama a thabhairt do na hionadaithe éagsúla. Tá cuid mhaith le plé agam féin leis an Tiarna Ancram a bheidh ag buaileadh liom. Beidh an cruinniú sin againn taobh istigh de sheachtain nó deich lá nó mar sin. Dar ndóigh, tógfidh mé an seans sin chun cúrsaí craolacháin a phlé leis ach ag an bpointe seo tá an meamram don Rialtas beagnach críochnaithe agam. Tar éis sin is féidir liom teacht ar ais go dtí an Teach agus ní dhéanfaidh mé dearmad ar aon phointe nuair a bheidh an meamram á chur le chéile agam.

Top
Share