Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Jan 1994

Vol. 437 No. 6

Written Answers. - Distance Education.

Trevor Sargent

Question:

95 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuil an Ghaeilge san áireamh sa Chéim sna Daonnachtaí atá á tairiscint ag an National Distance Education Council.

Níor cuireadh tús leis an gcúrsa céime seo ach i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Faoi láthair tá ceithre ábhar ar fáil agus tá sé beartaithe ag an bhfoireann forbartha ábhair bhreise a chur ar fáil ar ball. Beidh an National Distance Education Centre ag déanamh scrúdú ar cheist na Gaeilge mar ábhar céime in am trátha.

Top
Share