Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 1994

Vol. 438 No. 4

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta Projects.

Michael Creed

Question:

268 Mr. Creed asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will give details of vacant factory space available to Údarás na Gaeltachta at present in the Muskerry Gaeltacht.

Michael Creed

Question:

269 Mr. Creed asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if he will give details of all the projects grant-aided by Údarás na Gaeltachta in the Muskerry Gaeltacht in each of the years 1990 to 1993.

Donegal South West): Tógfaidh mé Ceisteanna 268 agus 269 le chéile.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta

—nach bhfuil tionóntaithe aimsithe acu go fóill do 2,830m² de spás tionsclaoích de 9,415m² atá ag an eagraíocht i nGaeltacht Mhuscraí;

—go bhfuil tograí á bplé/á bhfiosrú acu le haghaidh 894m² den 2,830m² sin; agus

—go bhfuiltear dóchasach go n-aimseofar tograí eile don cheantar go luath le lonnú i roinnt den spás folamh eile.

Foilsíodh eolas faoi chúnamh ón Údarás do chuideachtaí ar leith i nGaeltacht Mhúscraí don tréimshe ó 1 Eanáir 1990 go dtí 31 Nollaig 1992 i dTuarascálacha agus Cuntais an Udaráis do na blianta sin, atá leagtha faoi bhráid an Oireachtais. Foilseofar eolas maidir le 1993 i dTuarascáil agus Cuntais na heagraíochta don bhliain sin. De réir figiúirí neamhiniúchta an Údaráis, áfach, ceadaíodh cúnamh de bhreis ar £570,000 (idir deontais agus scaireanna) sa bhliain sin i leith 18 dtogra i nGaeltacht Chorcaí le sprioc de 38 bpost lánaimseartha iontu.
Top
Share