Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 1994

Vol. 438 No. 4

Written Answers. - Airgead do Fhleadhanna Ceoil.

Michael P. Kitt

Question:

271 D'fhiafraigh Mr. M. Kitt den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an mbeidh cruinniú aige le coiste ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann mar gheall ar airgead a chur ar fáil do na Fleadhanna Ceoil.

Donegal South West): Tugann mo Roinnse deontas bliantúil (suim £160,000 i 1993) do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann mar chabhair chun a chuid imeachtaí go léir a reachtáil agus ní fheicimse an gá le cúnamh breise a thabhairt d'imeachtaí ar leith de chuid na heagraíochta.

Bíonn teagmháil rialta ag mo Roinnse le Comhaltas agus ní léir gur gá cruinniú ar leith faoin ábhar seo.

Top
Share