Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Feb 1994

Vol. 438 No. 4

Written Answers. - Bóithre Ghaeltachta.

Michael P. Kitt

Question:

270 D'fhiafraigh Mr. M. Kitt den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé méid airgid a caitheadh ar na bóithre Gaeltachta i ngach contae i 1993; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar na pleananna do na bóithre sin i 1994.

Donegal South West): Is mar seo a leanas a caitheadh na deontais ó mo Roinnse ar bhóithre sa Ghaeltacht i 1993:

Contae

£

Dún na nGall

69,700

Maigh Eo

27,700

Gaillimh

66,808

Ciarraí

14,800

Corcaigh

8,000

Port Láirge

6,575

An tIomlán

193,583

Tá iarratais faoi scéim 1994 á meas faoi láthair agus déanfar cinneadh ina leith a luaithe is féidir.
Top
Share