Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Feb 1995

Vol. 448 No. 7

Written Answers. - Teilifís na Gaeilge Service.

Jim Higgins

Question:

53 Mr. J. Higgins asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht the areas of the country which will receive service from Telefís na Gaeilge when the new station opens. [2844/95]

Baineann an clúdú a bheidh ag Teilifís na Gaeilge go príomha le RTÉ, a bhfuil freagracht air i ndáil le tógáil an bhonneagair theic-niúil don tseirbhís nua.

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 17, 18, 40, 43, 47, 56, 76, 74 agus 97 den 1 Feabhra 1995 ina ndúirt mé go raibh súil agam go mbeadh Teilifís na Gaeilge ar an aer roimh dheireadh na bliana 1996.

Tá súil ag RTÉ go mbainfear amach clúdú 80 per cent-85 per cent den daonra faoin dátá tosaithe. Go dtí go mbeidh na tarchuradóirí go léir ag feidhmiú, tá sé deacair a bheith sonrach faoi cheantair ar leith ina bhféadfadh fadhbanna a bheith ann maidir leis an tseirbhís nua a fháil. Tuigtear dom, áfach, go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh an tseirbhís nua ar fáil thart faoi na ceantair Ghaeltachta uile ón tús.

Beidh an soláthar caipitil atá curtha ar fáil ag an Rialtas do Theilifís na Gaeilge dóthaineach— ach an togra a bheith curtha i gcrích — chun clúdú náisiúnta a chur ar fáil ar aon dul leis an gclúdú atá ag seirbhísí RTÉ faoi láthair.

Top
Share