Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 2 Mar 1995

Vol. 450 No. 1

Written Answers. - Stádas cánach do Chomhlachtaí Teilifíse.

Seamus Kirk

Question:

18 D'fhiafraigh Mr. Kirk den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé fíor go bhfuil sé i gceist stádas cánach faoi alt 35 den Acht Airgeadais, 1987, a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha agus i leith cláracha teilifíse ar fad. [4711/95]

Denis Foley

Question:

21 D'fhiafraigh Mr. D. Foley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé fíor go bhfuil sé i gceist stádas cánach faoi alt 35 den Acht Airgeadais, 1987, a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha agus i leith cláracha teilifíse ar fad. [4708/95]

Liam Fitzgerald

Question:

32 D'fhiafraigh Mr. L. Fitzgerald den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé fíor go bhfuil sé i gceist stádas cánach faoi alt 35 den Acht Airgeadas, 1987, a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha agus i leith cláracha teilifíse ar fad. [4706/95]

Micheál Martin

Question:

36 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé fíor go bhfuil sé i gceist stádas cánach faoi alt 35 den Acht Airgeaidas, 1987, a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha agus i leith cláracha teilifíse ar fad. [2063/95]

Colm M. Hilliard

Question:

53 D'fhiafraigh Mr. Hilliard den Aire Ealaíon Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé fíor go bhfuil sé i gceist stádas cánach faoi alt 35 den Acht Airgeaidais, 1987, a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha agus i leith cláracha teilifíse ar fad. [4709/95]

Liam Hyland

Question:

55 D'fhiafraigh Mr. Hyland den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé fíor go bhfuil sé i gceist stádas cánach faoi alt 35 den Acht Airgeaidais, 1987, a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha agus i leith cláracha teilifíse ar fad. [4710/95]

Chris Flood

Question:

57 D'fhiafraigh Mr. Flood den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé fíor go bhfuil sé i gceist stádas cánach faoi alt 35 den Acht Airgeaidais, 1987, a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha agus i leith cláracha teilifíse ar fad. [4707/95]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 18, 21, 32, 36, 53, 55 agus 57 le chéile.

Níl sé fíor go bhfuil sé i gceist agam stádas cánach faoi Alt 35 den Acht Airgeadais, 1987 (leasaithe) a tharraingt siar i leith comhlachtaí teilifíse Éireannacha nó i leith cláracha teilifíse ar fad agus beidh sé tógtha faoi deara ag Teachtaí nach raibh aon athrú i leith alt 35 i gcáinaisnéis na bliana seo.

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teach, áfach, go bhfuil mé ag coimeád súil ghéar ar an stádas cánach go ginearálta faoi alt 35 agus go molfaidh mé aon leasuithe cuí — le tacaíocht ón Aire Airgeadais — a chinnteoidh go mbainfidh mé amach aidhmeanna mo pholasuithe i leith an tionscail scannáin agus closamhairc ar an gcostas is lú is féidir don Státchiste.

Top
Share