Tony Killeen
Question:36 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé deontas ar fáil do scoil Samhraidh Willie Clancy ón scéim Chrannchuir Náisiunta do thográn Gaeilge 1995. [6249/95]
Vol. 451 No. 1
36 D'fhiafraigh Mr. Killeen den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuirfidh sé deontas ar fáil do scoil Samhraidh Willie Clancy ón scéim Chrannchuir Náisiunta do thográn Gaeilge 1995. [6249/95]
Is suim teoranta airgid atá ar fáil do mo Roinnse i mbliana as fáltais an chrannchuir náisiúnta le caitheamh ar an iliomad tograí Gaeilge a bhfuil cúnamh á lorg ina leith. Ciallaíonn sé sin go mbeidh roghanna le déanamh idir tograí féachaint cad iad na cinn a mheastar go bhfuil an tábhacht is mó leo maidir le cur chun cinn na Gaeilge.
Breithneofar an togra áirithe seo i gcomórtas leis na hiarratais eile atá faighte ag mo Roinnse agus a luaithe a dhéanfar cinneadh sa chás cuirfear scéal chuig an iarratasóir.