Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Apr 1995

Vol. 452 No. 1

Written Answers. - Critéir do Bhóithre Áise.

Éamon Ó Cuív

Question:

14 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cé na critéir a úsáidfear nuair a bheidh liosta na mbóithre áise á réiteach i mbliana. [7437/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

45 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an dtabharfar tosaíocht do na bóithre faoi scéim na mbóithre áise de réir a fhaide agus atá na hiarratais curtha isteach go dtí an Roinn nó an gcuirfear aois na n-iarratas san áireamh nuair a bheidh an liosta á réiteach. [7438/95]

Éamon Ó Cuív

Question:

46 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an gcuifear san áireamh iarratais a rinneadh i 1992, 1993 agus 1994 faoi scéim na mbóithre áise nuair a bheidh an Liosta Oibre a réiteach don bhliain seo. [7436/95]

Tógfaidh mé Ceist Uimh. 14 agus Ceisteanna Scríofa Uimh. 45 agus 46 le chéile.

I mbliana beidh suim timpeall £220,000 le dáileadh le haghaidh bóithre a fheabhsú agus a dheisiú sa Ghaeltacht. Roinnfear an tsuim sin de réir dhaonra ar na contaetha ina bhfuil limistéir Ghaeltachta. Déanfar socruithe ar leith i gcás Contae na Mí agus Contae Phort Láirge — áiteanna ina bhfuil ceantair bheaga Gaeltachta.
Is ar bhóithre áise go príomha a chaitear soláthar mo Roinne le haghaidh bóithre. Chun a bheith cáilithe le haghaidh cúnaimh, ní mór do bhóthar áise a bheith ag freastal de ghnáth ar dhá theach cónaithe ar a laghad nó ar dheich líon tí i gcás bóthair phortaigh nó i gcás bóthair chuig gabháltas talún. Bíonn ar iarratasóirí foirm iarratais a chomhlánú agus scrúdaíonn foireann áitiúil mo Roinne na hiarratais féachaint an bhfuil siad cáilithe le haghaidh cúnaimh. Os rud é gur suim theoranta airgid a bhíonn ar fáil in aghaidh na bliana le caitheamh ar bhóithre, ní féidir cúnamh a cheadú i leith gach bóthair cháilithe. Bíonn roghanna le déanamh mar sin idir iarratais cháilithe.
Maidir le roghnú na mbóithre sna contaetha éagsúla i mbliana, tá liostaí in ord tosaíochta (bunaithe ar na hiarratais go léir atá ar láimh cibé chomh fada is atáid ann) á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair.
Seo a leanas na critéir a thógfar san áireamh agus bóithre cáilithe á roghnú:
— tábhacht an bhóthair don cheantar
— staid na Gaeilge
— riachtanas na hoibre
— costas na hoibre.
Top
Share