Éamon Ó Cuív
Question:44 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil le caoi a chuir ar Chéibh Chill Mhuirbhigh, Inis Mór, Contae na Gaillimhe. [7608/95]
Vol. 452 No. 1
44 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil le caoi a chuir ar Chéibh Chill Mhuirbhigh, Inis Mór, Contae na Gaillimhe. [7608/95]
I mí Iúil 1993 cheadaigh mé deontas nach mó ná £10,000 do Choiste Forbartha Fhearann an Choirce chun cuidiú leo oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar thrá Cill Mhuirbhí, i.e., balla a thógáil chun 100 slat de cheann thiar na trá a chosaint. Tá £4,000 den deontas sin íoctha go dtí seo.
Tá mo Roinnse i gcomhairle le Roinn na Mara maidir le meastachán costais suas chun dáta i dtaca leis an bpiara ag Cill Mhuirbhí a dheisiú agus maidir le fiúntas aon chaiteachais ar an bpiara sin ó thaobh na hiascaireachta de. Tá tuairimí Roinn na Mara iarrtha chomh maith maidir leis na hoibreacha ar an bpiara a mholtar i dtuarascáil innealtóirí comhairleacha a sheol Comharchumann Aonghusa Teo, Gort na gCapall, Cill Rónáin, chuig mo Roinnse i mí Eanáir seo caite.