Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 27 Apr 1995

Vol. 452 No. 2

Written Answers. - Áiseanna Calafoirt i gContae Dún na nGall.

Pat the Cope Gallagher

Question:

68 D'fhiafraigh Mr. P. Gallagher (Donegal South West) den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil sé eolach faoin ngá atá le dreideáil agus leathnú a dhéanamh ar na háiseanna calafoirt ag Ailt an Corráin; agus an mbeidh sé sásta cuidiú leis an fhorbairt. [7788/95]

Faoi mar is eol don Teachta, chaith mo Roinnse thart ar £570,000 ar fheabhsú na saoráidí calaíochta ag Ailt an Chorráin sna hochtóidí agus caitheadh £15,000 i 1992 chun obair riachtanach dheisiúcháin a dhéanamh ar an bhfánán ann agus chun bun an fhánáin a ghlanadh.

Níl iarratas chun tuilleadh oibreacha forbartha a dhéanamh ar na saoráidí calaíochta ann faoi bhráid mo Roinnese. Tuigtear dom, áfach go bhfuil oibreacha dreideála ar siúl faoi láthair ag Roinn na Mara agus go bhfuil £270,000 ceadaithe ag an Roinn sin don obair.

Top
Share