Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jun 1995

Vol. 454 No. 1

Written Answers. - Scoil i gContae na Gaillimhe.

Robert Molloy

Question:

61 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aici go bhfuil gá le feabhas a chur ar chrot na Scoile Cuimsithí ar an gCeathrú Rua, Contae na Gaillimhe agus an gcuirfidh sí in iúl an bhfuil sí sásta cead a thabhairt don phlean forbartha don scoil seo atá curtha chuig an Roinn ag an mBord Bainistíochta. [10225/95]

Fuarthas moladh ó Bhord Bainistíochta na scoile go gcuirfí feabhas ar fhoirgneamh an Chlochair atá in aice na scoile ionas go bhféadfaí í a úsáid mar chóiríocht scoile don Scoil Chuimsitheach. Tá an t-iarratas faoi bhreithniú ag Aonad Tógála mo Roinnse faoi láthair agus cuirfear freagra chuig an bord chomh luath agus is féidir.

Chomh maith leis sin fuarthas litir sa Roinn ón mBord Bainistíochta le déanaí ag iarraidh ar an Roinn fiosrú teicniúil a dhéanamh ar chóiríocht na scoile. Tá an t-iarratas sin faoi bhreithniú freisin.

Top
Share