Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Aistriú Feidhmeanna.

Éamon Ó Cuív

Question:

22 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta céard iad na feidhmeanna atá aistrithe ón Roinn Ealaíonn, Cultúir agus Gaeltachta go Bord na Gaeilge agus go dtí Údarás na Gaeltachta i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17505/95]

Aistríodh cúram na ceiste i gcoitinne maidir le cúnamh Stáit chun tréimhseacháin agus nuachtáin i nGaeilge a fhoilsiú ó mo Roinnse go dtí Bord na Gaeilge le héifeacht ó 1 Deireadh Fómhair 1995.

Táim sásta go luíonn an cúram sin le feidhmeanna an Bhoird maidir le húsáid na Gaeilge mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide a chur chun cinn agus leis an mbaint atá aige cheana féin le cúrsaí fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge tríd an ÁIS.

Níor aistríodh aon chúram eile ó mo Roinnse chuig Bord na Gaeilge agus níor aistríodh aon chúram chuig Údarás na Gaeltachta.

An bhfuil scrúdú á dhéanamh maidir le haistriú feidhmeanna eile to dtí Bord na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta?

Ag an bpointe seo níl aon chinneadh déanta aon chúram eile a aistriú, ach, mar is eol don Teachta, tá sé ar intinn agam measúnú a dhéanamh ar obair agus ar chleachtais Ghaeilge i gcoitinne ach má tharlaíonn go mbeidh cinneadh eile ag teastáil nó moltaí á gcur ar aghaidh, sa chás sin rachfaí i gcomhairle leis an mBord nó leis an Údarás, ach níl aon rud beartaithe i láthair na huaire.

An mbeadh an tAire buartha dá ndéanfaí cúraimí breise a aistriú go dtí an Bord agus an tÚdarás, go ndéanfaí lagú ar Roinn ná Gaeltachta tuilleadh thar mar atá déanta go dtí seo agus go mbainfí ón áit lárnach a bhíodh aige i saol na Gaeilge agus i saol na Gaeltachta?

Aontaím leis an Teachta nuair a deir sé go bhfuil athrú tagtha ar Roinn na Gaeltachta. Tá áit lárnach ag an Ghaeilge agus cúrsaí na Gaeltachta ann, príomhbhunchlocha na Roinne, atá níos tábhachtaí ná aon ghné eile dá cúraimí. Freisin, níl aon fhaitíos orm go dtiocfaidh lagú ar an Roinn. Ceapaim go bhfuil sé thar am, b'fhéidir, measúnú a dhéanamh ar na nithe atá ar siúl, ar na heagrais éagsúla agus an cinneadh is fearr a dhéanamh, Sin atá ar intinn agam a dhéanamh agus níl sé ar intinn agam aon rud a dhéanamh gan comhchainteanna a bheith agam leis na heagrais atá i gceist.

Top
Share