Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 Nov 1995

Vol. 458 No. 8

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gaeilge sa Roinn.

Chris Flood

Question:

25 D'fhiafraigh Mr. Flood den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta céard iad na céimeanna atá glactha aige le cinntiú gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga chumarsáide ina Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17506/95]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra ar Cheist Dála Uimh. 55 ar 31 Bealtaine 1995.

Is í an Ghaeilge an ghnáth-theanga cumarsáide sna hoifigí atá ag mo Roinne-se sa Ghaeltacht agus i gcuid de na Rannóga i gceann-cheathrú mo Roinne-se.

Go luath tar éis don Roinn a bheith bunaithe i 1993 eagraíodh cúrsaí Gaeilge dóibh siúd a bhí roimhe sin i Ranna eile, áit nach raibh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide iontu. D'fhreastail formhór de na hoifigigh, nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu, ar na cúrsaí sin agus d'éirigh go maith leo.

Tá iarrtha ag mo Roinn ar Choimisiún na Státseirbhíse oifigigh sna gráid ghinearálta le cumas maith Gaeilge a shannadh ar mo Roinn i gcónaí — rud atá á dhéanamh acu anois.

An bhfuil an tAire sásta gurb é an Béarla atá ag teacht in uachtar i rannóg na Gaeltachta agus na Gaeilge den Roinn agus as féidir leis dearbhú a thabhairt don Teach gur mar sin atá sé? Is dóigh liom go bhfuil tuairim choitianta ann go mórmhór i measc mhuintir na Gaeltachta nach mar sin atá sé sa chuid sin den Roinn atá lonnaithe sa phríomhchathair.

Ní fhéachaim ar an gcás mar sin, beag nó mór. Tá Gaeilge á foghlaim ag daoine nach raibh Gaeilge acu nó a bhí lag sa Ghaeilge. Tá siad taréis beagnach dhá bhliain a chaitheamh ar chúrsaí éagsúla agus iarracht mhaith á déanamh acu an Ghaeilge a chur in úsáid. Cuireann an Teachta ceist fhealsúnachta orm. Ní bhíonn éinne lánsásta ach tá dul chun cinn á dhéanamh agus sin an treo ina bhfuilimid ag dul. Tá daoine eile ann agus ní féidir iad a shásamh go deo ach táim sásta go bhfuil iarracht á déanamh, go bhfuil daoine i ndáiríre faoi agus táim chun leanúint leis sin.

An bhfuil an tAire sásta gurb é an cineál freagra a fhaigheann daoine nuair a ghlaonn siad ar an rannóg Ghaeltachta den Roinn ó thráth go chéile — nílim ag caint faoi chuid de na hoifigigh atá an-dílis don teanga — ná go ndeirtear leo, "O, I haven't any Irish" agus go mbíonn ar an duine iompú ar an mBéarla chun gnó a dhéanamh leis an gcuid sin den Roinn. An gceapann an tAire gur staid sásúil é sin don phobal? Ní mar sin a bhíodh nuair a bhí Roinn na Gaeltachta leis féin.

Nílim sásta glacadh leis go bhfuil sé seo ag tarlú ach má chuireann an Teachta eolas chugham aon uair a tharlaíonn sé, déanfaidh mé é a iniúchadh. Ní bhfuair mé litreacha faoi seo go dtí seo. Níl a fhios agam an bhfuil sé ag tarlú go forleathan. Má tá daoine ag lorg eolais tá de cheart acu an t-eolas sin a fháil trí Ghaeilge.

Bhí bearna mór le líonadh agam maidir le húsáid na Gaeilge in oifigí Stáit; níor éirigh le fealsúnacht an bhrú. Ba chóir go mbeadh Gaeilge le fáil in aon rannóg nó Roinn Stáit nó oifig Stáit. Tá m'fhoireann ag déanamh a ndícheall agus má fhaighim gearán ó Theachta nó ó éinne eile, táim sásta fáil amach conas ar tharla sé agus mar sin de. De réir an eolas atá agam, is féidir liom a rá leis an Teach nach bhfuil an rud a luaigh an Teachta ag tarlú.

An gcuireann sé díomá ar an Aire go bhfuil an Preasgailearaí anseo folamh anois? An dtaispeánann sé seo a laghad suim atá ag na meáin chumarsáide sa nGaeilge agus in obair an Aire?

Aontáim leis an Teachta Ó Maoildhia. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ar Chomhchoiste na Gaeilge cúpla bliain ó shin go ndearmamar iarracht na hiriseoirí a mhealladh isteach agus chun a bheith fiúntach faoin rud, tá a lán Gaeilge á húsáid sa Teach seo agus a lán nithe tábhachtacha á phlé trí Ghaeilge. Is trua nach bhfuil na nuachtáin nó lucht cumarsáide sásta bheith anseo. Má taímid i ndáiríre faoi chearta teanga, ba chóir go mbeimis go léir sásta an iarracht a dhéanamh.

Aontaím leis an Aire ach is dócha cé nach raibh siad ag breathnú, go raibh siad ag éisteacht.

An nglacfadh an tAire leis go luíonn sé le réasún nuair a mheasctar dream a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu le dream atá ar bheagán Gaeilge gurb é an taithí sna cásanna sin ná go ndéantar lingua franca as an teanga a bhíonn ag `chuile dhuine? An nglacfadh sé leis gurb é sin atá ag tarlú laistigh dá Roinn féin de bharr go raibh sé míréalaíoch ó thús a cheapadh dá mheascfaí daoine ar bheagán Gaeilge le daoine a bhí go hiomlán dátheangach go labhróidis ar fad Gaeilge seachas go n-iompróidís ar an mBéarla mar lingua franca?

Ní ghlacaim leis sin. Ní hé amháin go bhfuil ranganna Gaeilge ar siúl i mo Roinn-se; tá ranganna Fraincíse chomh maith. Agus níl aon deacracht ag daoine a labhrann Gaeilge, Béarla agus Fraincís meascadh le chéile.

Níor fhreagair an tAire an cheist. Éinne atá ag plé le cúrsaí Gaeilge sa tír seo, tuigeann siad nuair a chasann duine le beagán Gaeilge ar dhuine le Gaeilge agus Béarla gurb é nádúr an scéil é go gcríochnaíonn `chuile dhuine suas ag labhairt Béarla. An nglacfadh an tAire leis go bhfuil an chontúirt sin ann ina Roinn, de bharr an chaoi a bhfuil an Roinn curtha le chéile? An nglacfadh an tAire leis freisin gur thug mé fainic dó go bhféadfadh sé seo tarlú, tráth bunaithe na Roinne, an chéad lá a labhair mé sa Dáil?

Níl an ceart ag an Teachta. Caithim féin i bhfad níos nó ama sa Roinn ná mar a chaitheann seisean agus níl sé sin ag tarlú. B'fhéidir go bhfuil an deacracht a luaigh sé i bhfad níos forleithne sa tír seo, sin an oidhreacht a fuair mé nuair a thóg mé cúram na Gaeilge orm féin. Tá mé ag déanamh iarracht an Ghaeilge a chur ar aghaidh trí daoine a mhealladh agus tá sé ar intinn agam leanacht leis an bpolasaí sin. Tá daoine ann nach raibh taithí rómhaith acu ar úsáid na Gaeilge ach gur brúdh an Ghaeilge orthu go dtí gur iompaigh siad ina coinne. Caithfidh mise cuireadh a thabhairt do na daoine seo, teacht ar ais go dtí an Ghaeilge agus í a úsáid i gcotheács gach rud eile atá ag tarlú, mar is daoine nua-aoiseacha iadsan a úsáideann Gaeilge chomh maith.

Freagra an-mhaith.

Top
Share