Éamon Ó Cuív
Question:114 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide cé mhéad tonna lasta a d'iompair Oileáin Árann, bád farantóireachta, ó cuireadh i seirbhís í, briste síos de réir na míosa. [5375/96]
Vol. 462 No. 7
114 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide cé mhéad tonna lasta a d'iompair Oileáin Árann, bád farantóireachta, ó cuireadh i seirbhís í, briste síos de réir na míosa. [5375/96]
Baineann an cheist seo le sonraí tráchtála ar chúram don chomhlacht farantóireachta féin iad. Mar sin, is oth liom nach féidir liom an t-eolas atá á lorg ag an Teachta a chur ar fáil.