Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 30 Apr 1996

Vol. 464 No. 6

Written Answers. - Ardú Liúntais.

Éamon Ó Cuív

Question:

78 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte an bhfuil sé i gceist ardú a chur ar na liúntais atá á n-íoc faoin scéim nursing home subvention; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8509/96]

, Limerick East): Cuireadh an scéim seo faoin Health (Nursing Homes) Act, 1990 i bhfeidhm ar 1 Meán Fómhair 1993. Faoin scéim seo glacann daoine liúntas i gcomhair an chostais mar a bhfuil cóireáil i dteach altranais ag teastáil uathu agus nach bhfuil sé d'acmhainn acu íoc as. I 1995 caitheadh timpeall £15 milliún ar an scéim agus tá £16 milliún breise curtha ar fáil i mbliana.

Bhi na leibhéil subvention i measc na ngnéithe éagsúla a scrudaíodh ag an grúpa oibrithe a rinne léirmheas a fheidhmiú an Nursing Homes Act agus a raibh oigifigh ó mo Roinn féin is ó na Boird Sláinte páirteach ann. Ta tuairisc an ghrúpa glactha agam anois agus tá a cuid moltaí faoi scrúdú agam.

Top
Share