Robert Molloy
Question:119 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Oideachais an gcuirfidh sí in iúl cé na céimeanna atá tógtha go dtí seo ag a Roinn maidir le hobair fheabhsúcháin ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua, Contae na Gaillimhe, ón am a ardaíodh an cás ar Atráth na Dála an 21 Samhain 1995. [9386/96]