Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 May 1996

Vol. 466 No. 1

Written Answers. - Oideachas Saor in Aisce.

Éamon Ó Cuív

Question:

147 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cad iad na céimeanna atá i gceist aici a thógáil le cinntiú go gcuirfear oideachas saor in aisce ar fáil do dhuine (sonraí tughta) i gContae na Gaillimhe. [10900/96]

Tuigim go bhfuil an páiste seo ag freastal faoi láthair ar Ionad Oideachtais agus Foráis do Pháistí An-Éislinneacha—ionad atá á mhaoiníú ag an Roinn Sláinte agus ná tagann faoí choimirce mo Roinne.

Táimse tar éis a iarraidh ar chigireacht mo Roinne tosca an cháis seo a fhiosrú mar ghnó práinneach agus moltaí a dhéanamh maidir le socruithe oir iúnacha chun oideachas a chur ar fáil don pháiste seo.

Top
Share