Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 28 May 1996

Vol. 466 No. 1

Written Answers. - Iarratas ar Chóirtíocht Bhreise.

Éamon Ó Cuív

Question:

148 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais cén uair a fritheadh iarratas ó scoil (sonraí tughta) i gContae na Gaillimhe ar shíneadh a chur leis an scoil móide feabhsúcháin eile; cén uair a dhéanfar cinneadh an obair seo a dhéanamh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10901/96]

Ar an 15 Bealtaine 1996, fuair mo Roinn iarratas ar chóiríocht bhreise don scoil i gceist. I dtús báire, caithfear riachtanaisí fad-téarmacha na scoile a mheas agus ina dhiaidh sin beidh mo Roinn i dteangmháil le h-údaráis na scoile maidir leis an iarrantas.

Maidir le h-hoibreacha feabhsúcháin eile, glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt d'iarratas maidir le h-oibreacha a chuireadh in gcrích gan réamhchead na Roinne. Tá an t-iarrantas seo á mheas agus beidh mo Roinn i dteanghmháil leis an scoil go luath.

Top
Share