Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 8 Oct 1996

Vol. 469 No. 5

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

Éamon Ó Cuív

Question:

110 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair a íocfar an deontas tithíochta le duine (sonraí tugtha) i gContae na Gaillimhe. [17703/96]

Ceadaíodh deontas tógála £4,000 sa chas seo ar 1 Iúil 1996 agus fuarthas iarratas ar íocaíocht tamall ó shin.

Faoi mar is eol don Teachta, tá moill ar phroiseáil cuid de na h-iarratais tithíochta (an t-iarratas seo san áireamh) i gceantair áirithe Ghaeltachta toisc gur limigh cigire uachtarach tithe ón Roinn tamall ó shin. Mar gheall ar seo tá cainteanna ar siúl leis an bhfoireann tithíochta agus lena gceardchumann le tamall anuas chun teacht ar réiteach faoi athstruchturú ginearálta agus táthar dóchasach go mbeidh an cheist socraithe sar i bhfad.

Déanfar an t-iarratas ar íocaíocht an deontais sa chás seo a mheas a luaithe agus is féidir ansin.

Top
Share