Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Feb 1997

Vol. 474 No. 7

Written Answers. - Chéibh Nua, Inis Oirr.

Robert Molloy

Question:

73 D'fhiafraigh Mr. Molloy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén fáth a bhfuil moill air i dtaobh cinneadh a dhéanamh ar iarratas ó Chomhar Caomhán Teo, Inis Oírr, Contae na Gaillimhe deontas a chur ar fáil le haghaidh sleamhnán ag an chéibh nua agus an gcuirfeadh sé in iúl cén uair a bhféadfaí bheith ag súil le cinneadh sa chás seo. [3914/97]

Tá an t-iarratas a fuarthas ó Chomhar Caomhán Teoranta go dtógfaí sleamhnán in aice na cé ag Inis Oírr á mheas i gcomhthéacs an tsoláthair atá ar fáil do mo Roinnse i mbliana chun saoráidí calaíochta sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a dheisiú.

Déanfar cinneadh ar an iarratas chomh luath agus is féidir.

Top
Share