Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 20 Feb 1997

Vol. 475 No. 3

Written Answers. - Disadvantaged Areas.

Robert Molloy

Question:

30 Mr. Molloy asked the Minister for Arts, Culture and the Gaeltacht if his attention has been drawn to the Trutz Hasse report entitled Affluence and Deprivation in the Gaeltacht Areas, which shows that 52 per cent of Gaeltacht district electoral divisions fall into the most disadvantaged 20 per cent of district electoral divisions throughout Ireland; the special measures, if any, which will be taken to achieve a more equitable distribution of affluence for these regions; and if he will make a statement on the matter. [1385/97]

Léiríonn anailís Trutz Hasse cuid amháin den scéal bunaithe ar shonraí a bailíodh ag am áirithe de bhliain áirithe, i.e., do dhaonáireamh 1991 a tógadh ar 21 Aibreán. Bheadh treonna níos cinnte á dtaispeáint, measaim, dá ndéanfaí an anailís i mblianta eile agus ag amanna eile de bhliain, i.e., ag amanna a thógfaí fostaíocht pháirtaimseartha/shéasúrach sa Ghaeltacht san áireamh.

Tá torthaí an-mhaithe á mbaint amach ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt na Gaeltachta, idir cruthú fostaíochta agus maoine le blianta beaga anuas agus leanfar de na hiarrachtaí chun tuilleadh feabhais a chur ar chúrsaí. Mar shampla i 1996 cruthaíodh 1,285 phost nua ar an bhfód i ngnóthais a fuair cúnamh ón Údarás agus gineadh an glanmhéadú is airde riamh, i.e., 604 phost, i bhfostaíocht faoi scátha an Údaráis sa bhliain sin. Ag deireadh 1996 bhí 7,439 bpost lánaimseartha sa Ghaeltacht i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás. Chomh maith leis sin tá méadú faoi dhó (ó 1,818 go 3,883) ar líon na bpost páirtaimseartha faoi scátha an úda ráis ó 1990 go 1996. Is cuid shuntasach é cruthú post páirtaimseartha/séasúracha de straitéis an Údaráis maidir le freastal ar riachtanais ioncaim phobal na Gaeltachta.
Tá céimeanna eile ar leith á nglacadh chomh maithe chun dul i ngleic le fadhanna ioncaim agus fostaíochta na Gaeltachta trí scéimeanna Ranna Stáit eile agus trí chláracha Eorpacha.
Top
Share