Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Feb 1997

Vol. 475 No. 5

Written Answers - Scéim Iompar Scoile an Inis Mór.

Éamon Ó Cuív

Question:

148 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais an bhfuil i gceist aici leasú a dhéanamh ar an scéim Iompar Scoile, ar Inis Mór, de bharr chomh sceirdiúil agus atá an tOileán go mór mhór sa ngeimhreadh agus an bhfuil i gceist aici saor iompar scoile a chur ar fáil do ghasúir atá níos lú ná trí mhíle ón scoil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [2162/97]

Níl sé ar mó chumas feabhas a chur ar an tseirbhís iompair a dhéanann freastal ar na daltaí scoile in Inis Mór.

Chun go mbeadh mic léinn iarbhunoideachais i dteideal a n-iompar in aisce chun na scoile níor mhór go mbeadh cónaí orthu trí mhíle slí ar a laghad ón ionad iarbhunoideachais is giorra dóibh. Níor mhór do dhaltaí bunscoile atá níos lú ná deich mbliana d'aois bheith ina gcónaí níos mó dá mhíle ón mbunscoil is giorra dóibh agus iad siúd atá os cionn a deich mbliana d'aois bheith níos mó ná trí mhíle uaithi le bheith cailithe. Chomh maith leis sin, ní féidir seirbhís iompair scoile a bhunú ach amháin nuair a bhíonn go leor mac léinn cáilithe ina gcónaí i gcomharsanacht ar leith. Ní féidir suíomh an cheantair a chur san áireamh nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi sheirbhís iompair a bhunú nó faoi cháilíocht dhalta lena (h)iompar saor in aisce.
Toisc go bhfuil cónaí ar na mic léinn iarbhunoideachais a mbaineann an cheist seo leo níos lú ná 3 mhíle slí ón scoil iarbhunoideachais is giorra dóibh níl siad cáilithe faoi réir na dtéarmaí don Scéim Iompair Iarbhunoideachais. Is féidir cead taistil ar sheirbhís iompair atá bunaithe cheana féin, a thabhairt ar bhonn fabhair agus ar tháille do mhic léinn nach bhfuil cáilithe. Ní mór spás dóibh a bheith ar fáil ar an bhfeithicil, sa bhreis ar spás do na mic léinn cáilithe go léir, agus ní foláir nach mbeadh aon chostas breise ar an Stát. Tarlaíonn go bhfuil líon teoranta áiteanna breise ar an seirbhís iarbhunoideachais seo agus gach téarma déantar iad a dháileadh. Leantar an nós tús áite a thabhairt dóibh siúd is túisce a dhéanann iarratas agus na háiteanna seo á ndáileadh.
Toisc nach bhfuil aon daltaí bunscoile atá cáilithe lena n-iompar ina gcónaí ann ní féidir seirbhís iompair a bhunú i ndeisceart an oileáin. Tá seirbhís iompair ag feidhmiú ar an dtaobh ó thuaidh d'Inis Mór, áit a bhfuil go leor páistí cáilithe chuige sin.
Top
Share