Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar cheisteanna scríofa Uimh. 61 agus 69 ar 20 Feabhra 1997 i ndáil leis an bhfáil ar Theilifís na Gaeilge go ginearálta.
Maidir leis an bhfáil ar Theilifís na Gaeilge i nDún na Gall, tá deimhnithe ag RTÉ dom go bhfuil láithreán á lorg acu ar bhonn gníomhach do cheantar an Fhál Carraigh mar chuid dá gclár oibre i ndáil leis an nglacadóireacht a fheabhsú. Ar ndóigh, braithfidh lonnú an trealaimh cuí ar ghnéithe éagsúla, ar a n-áirítear ceannach an láithreáin, dáileadh minicíochta — atá mar fhreagracht ar an Aire Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide — agus cead pleanála. Bheadh RTÉ 1, Network 2 agus Teilifís na Gaeilge in ann úsáid a bhaint as an trealamh ar an láithreán.
Maidir leis an bhfáil ar Theilifís na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann, dírím aird an Teachta ar na freagraí éagsúla a thug mé ar cheisteanna ar an ábhar seo, an ceann is deanaí acu ar 19 Nollaig 1996, feic colúin 758 go 759 den Tuairisc Oifigiúil.