Éamon Ó Cuív
Question:112 D'fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta an bhfuil an tathbhreithniú a gheall sé i bhfreagra Dála ar an 20 Feabhra, 1997, ar scéim na mbóithre áise críochnaithe fós, ó tharla go bhfuil mí Aibreáin cáite; agus gur gheall sé ar an lá sin go ndéanfaí an t-athbhreithniú sin roimh dheireadh mhí Aibreáin; agus má tá, cén toradh a bhí ar an athbhreithniú sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12254/97]