Enda Kenny
Question:353 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoin méadú de 15 faoin gcéad i meastacháin Bhord na Gaeilge; an ndéarfaidh sí cén chaoi ina gcaithfear an t-airgead breise seo; an ndéarfaidh sí an mbeidh sé fógraithe do na heagrais éagsúla foirm iarratais a chur isteach do Bhord na Gaeilge; agus an ndéarfaidh sí cad é an ceangal atá idir an Roinn agus an bord ó thaobh chaitheamh an airgid bhreise seo. [21540/97]