Tá iarratas le feabhas a chur ar an mbóthar seo i measc 24 iarratas a fuair mo Roinnse ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, ar chostas £4.874 milliún, le bheith curtha san áireamh do mhaoiniú a fháil faoi scéim na ndeontaisí chomh-mhaoinithe de chuid an Aontais Eorpaigh do 1998. Tá na h-iarratas uilig faoin scéim seo á mheas sa Roinn faoi láthair. Beidh dáileadh na h-iarratas uilig faoin scéim seo, a fhógróidh mé go luath i 1998, ag brath ar a n-inghlacthacht le coinníollacha dochta an Aontais Eorpaigh, an tosaíocht a bhaineann le tionscnaimh ar leith, an t-airgead atá ar fáil agus riachtanais cheantair éagsúla.