Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Mar 1998

Vol. 488 No. 7

Written Answers. - Gaeilge ag an Tríú Leibhéal.

Caoimhghín Ó Caoláin

Question:

436 D'fhiafraigh Caoimhghin Ó Caoláin den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil sé mar rún aige oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge a chur ar fáil agus é bunaithe sa Ghaeltacht. [7353/98]

: I léacht, faoin teideal "An Ghaeilge agus an tOideachas Tríú Leibhéil" a thug mé in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le déanaí, léirigh mé polasaí cinnte i leith áit na Gaeilge ag an tríú leibhéal. Dúirt mé go bhfuil ról tábhachtach ag na hOllscoileanna agus institiúidí eile, na coláistí oideachais do bhunmhúinteoirí ach go háirithe, sa ghnó seo.

Mar shampla, tá sé an-tábhachtach go mbeadh fáil ar chúrsaí trí mheán na Gaeilge ag daoine ón nGaeltacht, ag daoine a chuaigh chuig Gaelscoileanna agus ag daoine ar mian leo cúrsaí léinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá roinnt cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéil faoi láthair. Ba bhreá liom go dtiocfaidh níos mó institiúidí chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta nó chuig an Údarás um Ardoideachas le pleananna chun cúrsaí nua samhlaíocha a shocrú. Ó thaobh na Gaeltachta de, tuigim go bhfuil raon nascanna idir institiúidí tríú leibhéil agus an Ghaeltacht faoi láthair.

Freisin, tá curtha in iúl ag mo Roinnse don Údarás um Ardoideachas le déanaí go bhfuilim sásta soláthar speisialta de thart ar £0.5 milliún a dhéanamh i gciste airgid an Údaráis do 1998 ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge. Tá gach dóchas agam go gcuirfidh an soláthar speisialta seo ar chumas na n-institiúidí tríú leibhéil beartais nua a chumadh agus a chur i gcrích a chuirfidh borradh breise faoin nGaeilge. Faoi láthair, tá pleananna á réiteach ag an Údarás maidir le moltaí ó institiúidí a thagann faoina scáth chun les a bhaint as an soláthar airgid speisialta seo.

Anois go bhfuil an polasaí nua seo léirithe agam, is gá deis a thabhairt do na hinstitiúidí é a chur i bhfeidhm agus leas a bhaint as na hacmhainní nua atá á gcur ar fáil dóibh. Ba mhian liom go ndéanfaí cur i bhfeidhm an pholasaí a choimeád faoi bhreithniú ó thaobh éifeachta agus araile.

Top
Share